Fóram Feasa: Spléachadh ar Aistear Ama 3 - Leabhar staire nua sa tsraith ó Edel Ní Loinsigh

Seo ceardlann le tacú le múinteoirí nuacháilithe bunscoile atá ag teagasc i suíomh an
tumoideachais, bunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Ag an seisiún, beidh cur i
láthair 45 nóiméad ar acmhainní úsáideacha sa seomra ranga agus ansin beidh deis plé le
tuairimí agus moltaí a roinnt. Beidh fáilte roimh chách!
Torthaí foghlama
Éireoidh le rannpháirtithe:
Foghlaim faoi acmhainní bunscoile nua (Gaeilge, ábhair trí Ghaeilge) atá ar fáil ag
COGG agus An Tairseach agus ag eagraíochtaí eile.
Plé a dhéanamh faoi acmhainní agus modhanna teagaisc ar mian leo a chur chun cinn sa
seomra ranga sa suíomh tumoideachais.
Acmhainní agus nodanna a bhailiú ó na rannpháirtithe eile
Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt
A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach
Faoin gceardlann:
Tabharfar spléachadh ar na topaicí atá fé chaibidil in Aistear Ama 3 agus roinnfear PDFanna
de chaibidlí samplacha. Pléifear na bileoga oibre/gnéithe de leabhar oibre atá ann mar aon
leis an bhfoghlaim chomhtháite ábhair is teanga agus na hacmhainní breise a bheidh ar fáil le
hAistear Ama 3 i mbliana.
Faoin éascaitheoir/údar:
Tá Edel ag obair in earnáil an Ghaeloideachais ó 2010. Is iad Stair agus Gaeilge an dá ábhar a
mhúineann sí. Tá Stair agus Gaeilge na hArdteiste chomh maith le stair na tríú bliana aici i
mbliana. Is Príomhoide Cúnta í freagrach as cur chun cinn na Gaeilge, fógraíocht scoile,
Comhairle na nDaltaí agus an Plean Féinmheastóireacht Scoile. Thar na blianta tá FGL tugtha
aici do Chumann Múinteoirí Staire Chorcaí agus do mhúinteoirí Gaeilge. Scríobh agus léirigh
sí sraith físeáin staire bunaithe ar an tSraith Shóisearach do TG4. Is comhlach Staire í le
hOIDE ó 2019.
Course Details
Course Start Date / Time | 13-02-2025 6:00 pm |
Course End Date / Time | 13-02-2025 7:00 pm |
Course Fee | Free |
Location | Online Course |