Primary Mathematics Curriculum Muinín Online Workshop Series / Curaclam Matamaitice na Bunscoile Sraith Ceardlann ar líne Muinín

Primary Mathematics Curriculum Muinín Online Workshop Series
Dear Principal and Teachers,
The OIDE Primary STEM team would like to extend a warm invitation to teachers for a five-part online workshop series commencing in January 2024. We are delighted to introduce Muinín, a platform that offers an interactive space to connect, share innovative ideas, and further enrich learning, teaching, and assessment, in alignment with the new Primary Mathematics Curriculum. These elective online workshops are open to all teachers, and Special Education Teachers (SET) are encouraged to select the stage that best suits their needs. Each of the five Muinín workshops will cover various aspects of the curriculum, including: Number (Sets and Operations) Measures (Money) Shape & Space (Transformations), Data & Chance (Data), Algebra (Expressions & Equations/Patterns, Rules and Relationships). For flexibility these workshops will be conducted after school hours, with sessions available at both 3:15 pm and 7:00 pm. Successful applicants will be grouped according to their class or stage level, and we recommend attending all five sessions to maximise the benefits of this professional learning opportunity. The workshop series will be facilitated by Oide Professional Learning Leaders. To ensure that your teaching staff can take advantage of this opportunity, we kindly request that you circulate this information as soon as possible, as spaces are limited. Teachers can register their interest in attending Muinín workshops by clicking the following link: https://oide.ie/apply-book-
We look forward to working with you. Oide Primary STEM Team
CLICK HERE TO VIEW FLYER (ENGLISH)
Curaclam Matamaitice na Bunscoile Sraith Ceardlann ar líne Muinín
A Phríomhoide, a chara Ba mhaith le foireann bunscoile ETIM OIDE cuireadh ó chroí a thabhairt do mhúinteoirí freastal ar shraith ceardlann ar líne de chuid Muinín. Tosóidh na ceardlanna seo i mí Eanáir 2024 agus cúig cheardlann san iomlán a bheidh i gceist. Sa tsraith seo, cuirfear spás idirghníomhach ar fáil do mhúinteoirí chun smaointe nuálacha a roinnt agus chun cumarsáid a dhéanamh le múinteoirí ó scoileanna eile. Anuas air sin, gheofar an deis chun foghlaim, teagasc agus measúnú a shaibhriú i gcomhréir le Curaclam Matamaitice na Bunscoile Beidh na ceardlanna roghnacha ar líne seo ar fáil do gach múinteoir i ngach aon chéim. Moltar do Mhúinteoirí Oideachais Speisialta an chéim is oiriúnaí dóibh a roghnú. Sa tsraith de chúig cheardlann seo, pléifear na snáitheanna seo a leanas; Uimhreas (Tacair agus Oibríochtaí) Tomhais (Airgead) Cruth & Spás (Trasfhoirmiú) Sonraí & Seans (Sonraí) Ailgéabar (Sloinn & Cothromóidí/Pátrúin, Rialacha agus Coibhneasa). Ar mhaithe le solúbthacht, reáchtálfar na ceardlanna seo tar éis uaireanta scoile agus chuige sin, beidh na seisiúin ar fáil ag 3:15i.n. agus 7:00i.n. Déanfar múinteoirí a ghrúpáil de réir céime agus moltar freastal ar na cúig sheisiún ar fad chun an leas is fearr a bhaint as an deis foghlama gairmiúla seo. Déanfaidh Ceannairí Foghlama Gairmiúla Oide an tsraith ceardlann a éascú. Iarraimid ort an t-eolas seo a scaipeadh le foireann na scoile chomh luath agus is féidir toisc go bhfuil spásanna teoranta agus bheimis ag súil go mbeidís ábalta tairbhe a bhaint as an deis seo. Chun spéis a léiriú agus chun clárú, ní mór do mhúinteoirí cliceáil ar an nasc seo: https://oide.ie/apply-book-
Táimid ag tnúth le bheith ag obair leat. Foireann Bunscoile ETIM Oide.
CLICK HERE TO VIEW FLYER (GAEILGE)