Saoráil Faisnéise/ Freedom of Information
Gaeilge
Saoráil Faisnéise (SF)
Tá an SF seo tiomsaithe i gcomhréir leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997, arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2003. Tagraíonn gach tagairt sa lámhleabhar seo don Acht nó do na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise don Acht 1997 arna leasú ag Acht 2003.
Cúlra
Bunaíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, a tháinig i bhfeidhm ón 21 Aibreán 1998, trí cheart reachtúla nua:
- ceart dlíthiúil ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí;
- ceart dlíthiúil ag gach duine faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin a leasú i gcás ina bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
- ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil le cinntí a mbíonn tionchar acu air féin.
Dearbhaíonn na hAchtanna ceart bhaill den phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid agus is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus le cearta príobháideachta daoine aonair.
Cuspóir an Leabhair Thagartha
Ullmhaíodh agus foilsíodh an tagairt seo i gcomhréir le ceanglais Ailt 15 agus 16 de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.
De réir Alt 15 den Acht, is é cuspóir an leabhair thagartha seo rochtain ar fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe a éascú, trí struchtúr agus feidhmeanna na heagraíochta seo a leagan amach, sonraí na seirbhísí a chuirimid ar fáil agus conas is féidir leas a bhaint astu, faisnéis faoi na cineálacha taifead atá againn, agus faisnéis faoi conas iarratas a dhéanamh chuig an Roinn faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003.
Éilíonn Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise orainn leabhar a fhoilsiú ina bhfuil:
na rialacha, na nósanna imeachta, na cleachtais, na treoirlínte agus na léirmhínithe a úsáideann an comhlacht, agus innéacs d’aon réamhshamplaí a choimeádtar, chun críocha cinntí faoi aon achtachán nó scéim a riarann muid ‘maidir le cearta, pribhléidí, sochair, oibleagáidí, pionóis nó smachtbhannaí eile a bhfuil nó a bhféadfadh baill den phobal a bheith i dteideal nó faoina réir faoin achtachán nó faoin scéim’ in éineacht le
‘faisnéis chuí i ndáil leis an modh riaracháin nó an modh beartaithe riaracháin d’aon achtachán nó scéim den sórt sin.’
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Tá sé de cheart agat faisnéis áirithe faoin gcomhshaol a fháil ó Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 (arna leasú). Leagtar amach sa reachtaíocht RFC na nósanna imeachta maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh comhlachtaí poiblí.
Chun iarratas a dhéanamh chuig Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe faoi reachtaíocht RFC, iarraimid ort d’iarratas a chur isteach go leictreonach chuig an seoladh ríomhphoist
- Luaigh go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat faoi reachtaíocht RFC agus luaigh go soiléir an fhaisnéis chomhshaoil atá á hiarraidh agat
- Déan iarracht an oiread sonraí agus is féidir a chur ar fáil ionas go mbeimid in ann d’iarratas a phróiseáil go héifeachtúil
- Cuir do sheoladh fillte san áireamh
Gheobhaidh tú freagra laistigh de mhí amháin ón dáta a gheobhaidh Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe an t-iarratas.
Séanadh/Nóta: Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfaimid iarratais ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a dhiúltú ar fhorais éigeantacha áirithe (faisnéis phearsanta/faisnéis tríú páirtí) nó ar fhorais lánroghnacha (rúndacht tráchtála srl.). Chomh maith leis sin, cinntigh le do thoil go bhfuil an fhaisnéis chomhshaoil atá á lorg agat againn.
Táillí: Níl aon táille tosaigh i gceist le hiarratas ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a dhéanamh. Seolfar freagraí chugat trí ríomhphost saor in aisce. Más mian leat an fhaisnéis a bheith ar fáil i gcóip chrua, gearrfar táille 5 cent in aghaidh an bhileoige. Gearrfar táillí poist freisin, más gá.
Achomhairc: Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe, is féidir leat é sin a dhéanamh trí iarratas i scríbhinn a sheoladh ag iarraidh athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh. Seol d’iarratas athbhreithnithe chuig: Stiúrthóir, Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe.
Má bhíonn tú míshásta leis an gcinneadh tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh agus más mian leat gearán a dhéanamh nó achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh arís, is féidir leat é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil (“CFC”). Ní mór duit achomharc a dhéanamh nó gearán a dhéanamh leis an CFC laistigh de mhí amháin ón uair a fhaigheann tú an cinneadh athbhreithnithe ó Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe.
Treochlár ITOG don Ghníomhú ar son na hAeráide
English
Freedom of Information
This FOI is compiled in accordance with the Freedom of Information Acts 1997, as amended by the Freedom of Information Act 2003. All references in this manual to the Freedom of Information Act or Acts refer to the 1997 Act as amended by the 2003 Act.
Background
The Freedom of Information (FOI) Acts, effective from 21st April 1998, establish three new statutory rights:
-
a legal right for each person to access information held by public bodies;
-
a legal right for each person to have official information relating to him/herself amended where it is incomplete, incorrect or misleading; and
-
a legal right to obtain reasons for decisions affecting oneself.
The Acts assert the right of members of the public to obtain access to official information to the greatest extent possible consistent with the public interest and the right to privacy of individuals.
Purpose of Reference Book
This reference has been prepared and published in accordance with the requirements of Sections 15 and 16 of the FOI Acts.
In accordance with Section 15 of the Act, the purpose of this reference book is to facilitate access to official information held by Galway Education Support Centre, by outlining the structure and functions of this organisation, details of the services we provide and how they may be availed of, information on the classes of records we hold, and information on how to make a request to the Department under the Freedom of Information Acts, 1997 and 2003.
Section 16 of the FOI Act requires us to publish a book containing:
the rules, procedures, practices, guidelines and interpretations used by the body, and an index of any precedents kept, for the purposes of decisions under any enactment or scheme administered by us ‘with respect to rights, privileges, benefits, obligations, penalties or other sanctions to which members of the public are or may be entitled or subject under the enactment or scheme’ together with
‘appropriate information in relation to the manner or intended manner of administration of any such enactment or scheme.’
Access to Information on the Environment
You have the right to obtain certain environmental information from Athlone Education Centre under the European Communities (Access to Information on the Environment) Regulations 2007 (as amended). The AIE legislation sets out the procedures for public access to information relating to the environment held by public bodies.
To make a request to Galway Education Support Centre under AIE legislation, we ask that you submit your request electronically to the email address
• Specify that you are making the request under AIE legislation and clearly state the environmental information that you are requesting
• Please try to provide as much detail as possible to enable us to process your request efficiently
• Include your return address
You will receive a response within one month from the date on which the request is received by Galway Education Centre.
Disclaimer/Note: Please be advised that we may refuse AIE requests on certain mandatory grounds (personal information/third party information) or discretionary grounds (commercial confidentiality etc). Also, please ensure that we hold the environment information you seek.
Charges: There is no initial fee for making an AIE request. Responses will be emailed free of charge. Should you wish the information available in hard-copy, a charge of 5 cent per sheet will apply. If required, postage fees will also apply.
Appeals: If you would like to appeal a decision made by the Galway Education Support Centre, you can do so by sending a request in writing asking for an internal review of the decision. Please address your review request to: Director, Galway Education Support Centre
If after the internal review, you are unsatisfied with the decision and would like to make a complaint or appeal the decision again, you can do so by contacting the Office of the Commissioner for Environmental Information (“CEI”). You must appeal or make a complaint to the CEI within one month of getting the reviewed decision from Galway Education Support Centre.