Ós rud é nach féidir freastal i gcónaí ar an éileamh ar chúrsaí coitianta, tá na socruithe seo a leanas ceaptha chun deis chothrom agus chóir a thabhairt do gach iarratasóir:
- Déanfar áiteanna a dháileadh nuair a gheofar iarratas comhlánaithe.
- I gcás ina líontar cúrsaí go tapa, cuirfear iarratasóirí nach bhfuair áit ar an eolas gan mhoill.
- Forchoimeádann an tIonad an ceart cúrsaí a chur ar ceal nó a chomhcheangal.
- Má chuirtear cúrsa ar ceal, déanfar gach iarracht freastal ort ar chúrsa eile.
- Cuirfimid iarratasóirí ar an eolas trí ríomhphost nó teachtaireacht téacs SMS nuair a ghlacfar leo ar chúrsa.
- Ní féidir dearbhú a thabhairt ar an teileafón.
- Ní féidir táillí a aisíoc.