Scríobh Leabhar
Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge. Eagraítear an tionscadal i gcomhar le hIonad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe. Tugann Scríobh Leabhar an deis do dhaltaí bunscoile a leabhair féin a scríobh, a dhearadh agus a fhoilsiú i nGaeilge. Cuireann an tionscadal léamh agus scríobh na Gaeilge chun cinn i measc páistí óga. Tugann sé tacaíocht d’fheidhmiú Churaclam Teanga na Bunscoile – ag baint torthaí foghlama amach sa labharthacht agus sa léamh mar go bhfuil an scríbhneoireacht mar chuid den phróiseas foghlama teanga. Tugann an tionscadal cuimsitheach seo deis do gach páiste páirt a ghlacadh go gníomhach agus go comhoibríoch i réimse seánraí a anailísiú, ciall a bhaint astu agus iad a chur i dtoll a chéile.
Scríobh Leabhar is a project sponsored by Clár na Leabhar Gaeilge. The project is organized in collaboration with Galway Education Support Centre. Scríobh Leabhar gives primary school students the opportunity to write, design and publish their own books in Irish. The project promotes reading and writing in Irish among young children. It supports the implementation of the Primary School Language Curriculum – achieving learning outcomes in speaking and reading as writing is part of the language learning process. This comprehensive project offers every child the opportunity to actively and collaboratively participate in analyzing, making sense of, and putting together a range of genres.
