Skip to main content
  • LOGIN / REGISTER
    Logáil Isteach / Cláraigh

TAP - Teacher Artist Partnership

1.  Clárúchán Múinteoirí CME+

Cúrsa Samhraidh & Clár Cónaitheachta FGL Chomhpháirtíocht Múinteoirí Ealaíontóirí+ (CME+) - TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL GO BHFUIL AN CÚRSA SEO CURTHA IN ÁIRITHE GO HIOMLÁN ANOIS. IS FÉIDIR LEAT LOGÁIL ISTEACH ANSEO CHUN D’AINM A CHUR LE LIOSTA FEITHIMH.

Tuilleadh Eolais ar Chónaitheacht CME+ ar Fáil ANSEO.

2. Fógra CME+ ag iarraidh ar Ealaíontóirí agus ar Chleachtóirí Cruthaitheacha (tá eolas faoi conas iarratas a dhéanamh thíos).

Táthar ag fógairt deis iontach d’ealaíontóirí agus do chleachtóirí cruthaitheacha as gach disciplín ionas gur féidir leo a gcleachtas a leathnú trí fhorbairt ghairmiúil agus clár cónaitheachta ionscoile na Comhpháirtíochta Múinteoirí-Ealaíontóirí+ (CME+). Is é an dáta deiridh do léiriú spéise ná Dé hAoine, an 7 Meitheamh 2024.

Déan comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a fhorbairt le múinteoirí agus le leanaí. Faigh oiliúint agus cónaitheachtaí maoinithe a thugann na healaíona agus cruthaitheacht go dtí leanaí ar fud na hÉireann trí CME+, tionscnamh de chuid Óige Ildánach 2023-27 faoi Éire Chruthaitheach agus atá á stiúradh ag an Roinn Oideachais.

 Achoimre ar CME+ 

  • Cúrsa Samhraidh CME+ ar siúl ón 1 go dtí an 5 Iúil 2024 i d’Ionad Tacaíochta Oideachais áitiúil.
    • Oiliúint láníoctha chun tacú le healaíontóirí agus le cleachtóirí cruthaitheacha chun oibriú i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.
  • Cónaitheachtaí Ionscoile CME+
    • An fhoghlaim a chur i bhfeidhm trí chomhpháirtíocht chruthaitheach le múinteoirí agus le leanaí.
    • Cónaitheachtaí 20 uair an chloig maoinithe sa scoilbhliain 2024/25.
    • Rochtain ar an gclár BLAST de chleachtóirí cruthaitheacha chun cónaitheachtaí ionscoile a sheachadadh.

Sonraí CME+

  • Oscailte d'ealaíontóirí agus do chleachtóirí cruthaitheacha, atá ag obair in aon fhoirm ealaíne, disciplín nó cleachtas cruthaitheach, atá tiomanta a gcleachtas a roinnt le leanaí agus le múinteoirí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.
  • Oiliúint (an 1 - 5 Iúil 2024) tríd an Ionad Tacaíochta Oideachais lánaimseartha is gaire duit (esci.ie) chun cleachtóirí cruthaitheacha agus múinteoirí comhoibríocha a éascú chun oibriú i gcomhpháirtíochtaí cruthaitheacha le leanaí.
  • Liúntas oiliúna €150 in aghaidh an lae thar an gcúrsa samhraidh oiliúna cúig lá (€750 san iomlán), chomh maith le taisteal agus lón a chuirfear ar fáil.
  • Forbairt ghairmiúil trí chomhpháirtíochtaí agus trí chaidrimh chruthaitheacha, chomhoibríocha le múinteoirí, i scoileanna atá tiomanta do na healaíona agus cruthaitheacht san fhoghlaim, sa chleachtas agus sa phobal.
  • Dearbhú go bhfaighfí cónaitheacht ionscoile íoctha, leantach laistigh de bhunscoil nó scoil speisialta áitiúil (Táille €1,100 san iomlán, €200 do Thaisteal san áireamh) chun cónaitheacht 20 uair an chloig a dhéanamh (14 huaire teagmhála móide 6 huaire don phleanáil, ullmhúchán agus meastóireacht) i gcomhpháirtíocht le do chomhpháirtí múinteora sa scoilbhliain 2024/2025.
  • Ní mór do Chleachtóirí Cruthaitheacha cónaitheachtaí ionscoile CME+ a dhéanamh i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh ar an gCúrsa Samhraidh CME+.
  • Tá cleachtóirí cruthaitheacha oilte CME+ incháilithe freisin chun páirt a ghlacadh i gcónaitheachtaí ionscoile BLAST. Iarraimid ar chleachtóirí cruthaitheacha CME+ a n-éiríonn leo a bheith páirteach sa chlár BLAST agus, áit ar féidir leo, cónaitheachtaí BLAST a sheachadadh. Féach anseo le haghaidh tuilleadh sonraí: Eolas faoi BLAST
  • Faisnéis, foghlaim agus deiseanna líonraithe le haghaidh tuilleadh oibre neamhspleácha laistigh den chóras oideachais.

Caithfidh Ealaíontóirí/ Cleachtóirí Cruthaitheacha

  • cuntas teiste trí bliana ar a laghad de chleachtas gairmiúil a bheith acu i bhfoirm ealaíne / cleachtas cruthaitheach ar bith.
  • spéis / tiomantas a léiriú do: prionsabail na nEalaíon agus na Cruthaitheachta san Oideachas agus do chur le saol leanaí trí ealaíona/ cleachtas cruthaitheach.
  • a bheith sásta foghlaim faoi chultúr an tseomra ranga agus obair a dhéanamh i gcomhpháirtíocht chothrom le múinteoirí agus le leanaí.
  • mothú spraíúil, lúcháir agus comhoibrithe a chomhcheangal le dúthracht ghairmiúil agus fís ard ealaíne/ chruthaitheach.
  • a bheith sásta tabhairt faoi oiliúint um chosaint leanaí mar chuid den tseachtain ionduchtúcháin agus grinnfhiosrúchán caighdeánach an Gharda Síochána a dhéanamh sula nglacfaidh tú le socrúcháin tionscadail.

Déanann Ealaíontóirí / Cleachtóirí Cruthaitheacha iarratas ar CME+ trí léirithe spéise a sheoltar chuig Stiúrthóir Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe agus a sheoltar chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. tráth nach déanaí ná 5pm, Dé hAoine an 7 Meitheamh 2024. Ba chóir go mbeadh léirithe spéise i bhfoirm litreach 600 focal ar a mhéad, chomh maith le CV nó beathaisnéis ghearr le naisc chuig íomhánna nó samplaí de shaothar ábhartha.

Ba chóir go dtabharfadh an litir breac-chuntas ar an méid a leanas:

  1. Institiúid/eagraíocht oiliúna
  2. Cur síos gairid ar an gcleachtas
  3. Cén fáth a bhfuil sé mar aidhm agat oibriú san oideachas agus i gcomhpháirtíocht le múinteoirí agus le leanaí.
  4. Cad a cháilíonn tú chun tabhairt faoi chúrsa oiliúna samhraidh agus clár cónaitheachta CME+.

Tá áiteanna ar an tionscnamh Óige Ildánach seo teoranta do cheathrar Ealaíontóir / Cleachtóir Cruthaitheach in aghaidh cheantar Ionad Tacaíochta Oideachais lánaimseartha. Cinntigh le do thoil go mbeidh tú in ann riachtanais ar fad an chláir a chomhlíonadh roimh iarratas a dhéanamh.

Is é Stiúrthóir an Ionaid Tacaíochta Oideachais áitiúil a dhéanfaidh an cinneadh deiridh maidir le tairiscintí áiteanna. Ba chóir aon cheisteanna maidir le CME+ a chur chuig d’Ionad Tacaíochta Oideachais lánaimseartha áitiúil.

 

1.  TAP+ Teacher Registration

Teacher Artist Partnership+ CPD Summer Course & Residency Programme (TAP+) - PLEASE NOTE THIS COURSE IS NOW FULLY BOOKED.  YOU MAY LOG IN HERE TO ADD YOU NAME TO A WAITING LIST.

Further TAP+ Residency Information Available HERE

2.  TAP+ Call Out for Artists and Creative Practitioners (information on how to apply is contained below)

Announcing a wonderful opportunity for artists and creative practitioners of all disciplines to broaden their practice through Teacher Artist Partnership+ (TAP+) professional development and in-school residency programme. Closing date for expression of interest Friday 7th June 2024.

Develop creative partnerships with teachers and children. Receive funded training and residencies that bring the arts and creativity to children all over Ireland through TAP+, an initiative of Creative Youth 2023-27 under Creative Ireland and led by the Department of Education.

 TAP+ Overview 

  • TAP+ Summer Course running 1st to 5th July 2024 in your local Education Support Centre
    • Fully paid training to support artists and creative practitioners to work in primary and special schools
  • TAP+ In-school Residencies
    • Bringing learning into practice through creative partnership with teachers and children
    • Funded 20-hour residencies in the school year 2024/25
    • Access to the BLAST register of creative practitioners to deliver in-school residencies 

TAP+ Details 

  • Open to artists and creative practitioners, working in any art form, discipline or creative practice, who are committed to sharing their practice with children and teachers in primary and special schools
  • Training 1st - 5th July 2024 through your local nearest full-time Education Support Centre (esci.ie) to facilitate creative practitioners and collaborating teachers to work in creative partnerships with children.
  • Training allowance of €150 per day over the 5-day summer course training (€750 in total), plus travel and lunch provided.
  • Professional development through partnerships and creative, collaborative relationships with teachers, in schools committed to the arts and creativity in learning, practice and community.
  • Guarantee of paid, follow up in-school residency within a local primary or special school (€1,100 Fee total inclusive of €200 Travel) to carry out a 20-hour residency (14 contact hours plus 6 hours planning, preparation and evaluation) in partnership with your teacher partner in the school year 2024/2025.
  • Creative Practitioners must complete TAP+ in-school residencies following participation on the TAP+ Summer Course.
  • TAP+ trained creative practitioners are also eligible to participate in BLAST in-school residencies. We invite successful TAP+ creative practitioners to join the BLAST register and where possible to deliver BLAST residencies. See here for further details: BLAST information
  • Information, learning and networking opportunities for further freelance work within the education system.

Artists / Creative Practitioners must

  • have a track record of a minimum of three years’ professional practice in any art form / creative practice
  • demonstrate an interest in / commitment to: the principles of Arts and Creativity in Education and to enhancing the lives of children through arts/creative practice
  • be willing to learn about classroom culture and to work in equal partnership with teachers and children
  • Combine a sense of fun, joy and collaboration with professional dedication and high artistic/creative vision
  • Be willing to undertake child protection training as part of the induction week, and undergo standard Garda vetting before taking up project placements. 

Artists / Creative Practitioners apply for TAP+  via expressions of interest sent for the attention of The Director of Galway Education Support Centre and submitted to This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. no later than 5pm on Friday 7th  June 2024. Expressions of interest should be in the form of a letter of max 600 words, accompanied by a CV or short bio with links to images or samples of relevant work. 

The letter should outline:

  1. Training institute/ organisation
  2. Brief description of practice
  3. Why you aim to work in education and in partnership teachers and children
  4. What qualifies you to undertake the TAP+ summer course training and residency programme 

Places on this Creative Youth initiative are limited to four Artists / Creative Practitioners per full-time Education Support Centre area. Please ensure that it will be possible for you to meet all requirements of the programme before applying. 

Final decision on offers of places will be taken by the Director of the local Education Support Centre. Any queries in relation to TAP+ should be directed to your local full-time Education Support Centre.